Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 18:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus a ndiáigh na neitheannsa, do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh cúmhachda móra; agus do dheallruidh an talamh ré na ghlóir.

2. Agus do éigh sé go láidir go ghúth árd, ag radh, Do thuit, do thuit an Bhabilóin mhór, agus do rinneadh áit comhnuighe deamhan di, agus ionadh congmhála gach spioruide neamhghlóine, agus áit cúmhduigh gach éinfhúathmhair neamhghloin.

3. Oír do íbheadar na huile cineadhacha dfíon fheirge a sdríopachuis, agus do rinneadar ríghthe na talmhán sdríopachas ría, agus atáid ceannuighthe na talmhan ar na ndéunamh saídhbhir ré hiomad a sáimhe.

4. Agus do chúala mé gúth eile ó neamh ag rádh, Tigidh amach aisde, mo phobalsa, deagla bheith díbh pártach ré na peacaidhibh, agus pairt dfagháil díbh dhá plághuibh.

5. Oír do leanadar a peacthuigh a cheile go neamh, agus do choimhnigh Día air a drochbheartuibh.

6. Tuguidh dhi do réir mar thug sise dhíbhse, agus tuguidh dhi go dúbalta de réir a gníomhartha: líonuidh dhi go dúbalta an cupán do líon sise dhíbhse.

7. Ionann agus do árduigh sí í féin a nglóir agus a naóibhneas, tuguidh dhi sa méid chéudna peannuid agus doilgheas: óir a deir sí na cróidhe, Atáim um shuidhe a nionad bainnrioghna, agus ní bainntreabhach mé, agus ní fhaicfe mé doilgheas.

8. Uime sin a náon lá amháin tiucfuid a plágha, bás agus doilgheas, agus gorta; agus loisgfighthear í ré téine: óir is neartmhar an Tíghearna Día bhéuras breath dhamnuighe uirrthe.

9. Agus béid ríghthe na talmhan, ag gul agus ag caói ar a son, noch do chaith a mbeatha a nadhaltrannas agus a sáimhe maille ría, an tan chifid deatach na teineadh ré loisgfighthear í,

10. Agus seasfuid siad a bhfad uáithe ré faitcheas a peannuide, ag rádh, As trúagh, trúagh an chathair mhór Babilón, an chathair thréun! Óir a náonuáir amháin tháinic do bhreitheamhnus.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 18