Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 16:3-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus do dhoirt an dara haingeal a shoitheach fan bhfairrge; agus tárrla dhi bheith mar fhuil dhuine mhairbh; agus fuáir a nuile bheathach sa bhfairrge bás.

4. Agus do dhóirt an treas aingeal a shoitheach sna haibhnibh agus sna tiubruidibh fíoruisge; agus do rinneadh fuil diobh.

5. Agus do chúala mé aingeal na nuisgeadh ag rádh, Is cómhthrom thú, a Thíghearna, noch atá, agus do bhí, agus bhías, tré go rug tú breath air na neithibhse.

6. Óir do dhóirteadarsan fuil na náomh agus na bhfáidheadh, agus tug tusa fuil re ól dóibh; óir do thuilleadar sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 16