15. (Tabhruidh aire ribh, atáim ag teachd mar ghaduighe.) Is beannuighe an tí do ní faire, agus choimhéudus a éuduighe, deagla go siúbhaladh sé lomnochduighe, agus go bhfaicfedís a náire.)
16. Agus do chruinnidh Día íad go háit dá ngoirthear a Neabhráis Armageddon.
17. Agus do dhóirt an seachdmhadh aingeal a shoitheach fá a naiér; agus táinic gúth árd amach as teampoll neimhe ón gcathaóir ag rádh, Atá sé déunta.
18. Agus do bhádar góthanna, agus teinteach, agus tóirrneach ann; agus tárrla crioth mór talmhan ann, nach raibh a leithid ann a ríamh ón trath fá rabhadar daóine ar an dtalamh, chomhmór sin do chrioth talmhan.
19. Agus do rannadh an chathair mhór a dtrí cotannuibh, agus do thuiteadar caithreacha na gcineadhach: agus tháinic an Bhabilóin mhór a gcuimhne a lathair Dé, ionnus go dtiubhradh sé cupán dfíon chathuigh a fheirge dhi.
20. Agus do theith gach uile oiléun, agus ní raibh na sléibhte air fagháil.
21. Agus do thuit cloichshneachda mór a núas ó neamh, a gcómhthrom taluinne air dhaóinibh: agus do mhasluigheadar daóine Día tré phláigh an chloichshneachda sin; óir do bhí a phláigh romhór.