Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 16:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do chúala mé gúth árd as an dteampoll ag rádh ris na seachd nainglibh, Imthighidh romhuibh, agus dóirtighe soithighe fheirge Dé ar an dtalamh.

2. Agus do imthigh an chéudaingeal roimhe, agus do dhóirt sé a shoitheach ar an dtalamh; agus do éiridh droch neasgóid nimhneach don druing ar a raibh cómhartha a nainmhidhe, agus don luchd do onóruigh a iomháigh.

3. Agus do dhoirt an dara haingeal a shoitheach fan bhfairrge; agus tárrla dhi bheith mar fhuil dhuine mhairbh; agus fuáir a nuile bheathach sa bhfairrge bás.

4. Agus do dhóirt an treas aingeal a shoitheach sna haibhnibh agus sna tiubruidibh fíoruisge; agus do rinneadh fuil diobh.

5. Agus do chúala mé aingeal na nuisgeadh ag rádh, Is cómhthrom thú, a Thíghearna, noch atá, agus do bhí, agus bhías, tré go rug tú breath air na neithibhse.

6. Óir do dhóirteadarsan fuil na náomh agus na bhfáidheadh, agus tug tusa fuil re ól dóibh; óir do thuilleadar sin.

7. Agus do chúaluidh mé neach eile ó níosdadh náomhtha ag rádh, A seadh, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh, is fírinneach cómhthrom do bhreathasa.

8. Agus do dhóirt an ceathramhadh aingeal a shoitheach ar an ngréin; agus tugadh cúmhachda dhó daóine do phíanadh ré hainteas teineadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 16