Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 1:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Taisbeunadh Iósa Críosd, noch tug Día dhó, chum na neitheann is éigean do bheith ann go lúath dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh; agus ar gcur theachdaireachda úadh ré na aingeal dó do thaisbéin sé dá shearbhfhoghantuighe Eóin:

2. An tí do rinne fíadhnuise do bhréithir Dé, agus dfíadhnuise Iósa Críosd, agus dá gach ní dhá bhfacuidh sé.

3. As beannuighe an tí léigheas, agus an dream éisdeas bríathra na fáidheadóireachd so, agus choimhéudus na neithe atá sgríobhtha innte: óir atá a naimsir a láthair.

4. Eoin chum na seachd neagluíseadh atá sa Násia: Grása maille ribh, agus síothcháin, ón tí áta, agus do bhí agus bhías; agus ó na seachd Spioraduibh noch atá a bhfíadhnuise a árdchatháoiresion;

5. Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,

6. Agus do rinne dhínn ríghthe agus sagairt do Dhía agus dá Athair; glóir agus cúmhachda dhósan go sáoghal na sáoghal. Amén.

7. Féuch, atá sé ag teachd maílle ré neulluibh; agus do chífidh gach uile shúil é, agus an dream féin do tholl é: agus cáoinfid na huile threabha na talmhan na fhíadhnuise. As amhluidh bhías, Amén.

8. As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, a deir an Tíghearna, an tí atá, agus do bhí, agus bhías an tí atá Uilechúmhachdach.

9. Do bhí misi Eóin, bhur ndearbhráthair, agus bhur gcómhchompánach a dtáobh bhuáidheartha, agus ríoghachda agus fhúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirthear Patmos, ar son bhreithre Dé, agus ar son fhíadhnuise Iósa Críosd.

10. Agus do coimhéignigheadh mé ris an Spioruid a ló an Tighearna, agus do chúaluidh mé don táobh shíar dhíom gúth mór mar fhuáim sduic,

11. Ag rádh, As mise Alpha agus Oméga, an céidneach agus a neach deígheanach: agus, Sgríobhsa a leabhar, an ní do chí tu, agus cuir uáit é chum na seachd neagluisidhibh atá sa Násia; chum Ephesuis, agus chum Smirna, agus chum Pergamuis, agus chum Tiatíra, agus chum Sardis, agus chum Philadelphía, agus chum Laodicea.

12. Agus do iompoigh mé ar mo chúl chum an ghótha do labhair riom dfaicsin. Agus ar niompógh dhamh, do chonnairc mé seachd gcoinnleóirigh órrgha;

13. Agus a meadhón na seachd gcoinnleóir sin neach bá cosmhuil ré Mac an duine, noch fá raibh éudach ráinic síos go a sháluibh, agus crios órrgha thairis a dtimchioll a chíoch.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 1