Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 9:22-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Achd má dfulaing Día, chum a fheirge féin a thaisbéanadh, agus a chúmhachd do dhéanamh follus, tré iomad foighide le soighthighibh na feirge hórduigheadh chum damanta:

23. Agus do chum bhfoillseóchadh sé saidhbhreas a ghlóire féin do shoithighibh na trócaire, do ullmhuigh sé ó thús chum glóire,

24. Eadhon dúinne, noch do ghoir sé, ní as na Iúduidhibh amháin, achd fós as na Cineadhachuibh?

25. Mar a deir sé fós a Noséa, Goirfidh mé mo phobal féin, don pobal nár leam; agus mo ghrádh féin, don mhnáoi nach raibh am gradh.

26. Agus teigeamhuidh, an sa nionad a ndubhradh ríu, Ní sibhsi mo phobalsa; go ngoirfighear sa náit chéadna díobh Clann Dé bhi.

27. Agus éighidh Esaías ar Israél, Bíodh go mbeith úimhir chloinne Israel mar ghaineadh na fairge, sléinéochthar a bhfuighleach:

28. Oír do dhéaná sé cúnntas, agus cuirfidh sé a naithghearr é maille ré cómhthrom: óir is cúntas aithghearr do dheana an Tighearna ar an dtalamh.

29. Agus amr a dubhairt Esaías roimhe, Muna bhfágbhadh Tighearna na slúagh siol aguinn, do dhéantáoi sinn mar Shodom, agus do bhíadhmáois cosmhuil lé Gomorra.

30. Ar a nadhbharsin créd a déaram? Go rugadar na Cineacha, nár lean don fhíréantachd, ar an bhfíréntachd eadhon, an fhíréntachd atá on chreideamh.

31. Achd Israhél do lean reachd na fíréntachda, ní rangadar go reachd na fíréantachda.

32. Créd uime? Do bhrigh nach ó chreideamh, achd mar do bheith ó oibrighthibh an reachda do iarradar í. Oir fúaradar oilbhhéim fa chloich na hoilbhéime;

33. Mar atá sgríobtha, Féuch, cuirim a Síon cloch oilbhéime agus carruic thuislidh: agus gidh bé chreideas ann, ní bhfuíghe sé náire.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 9