Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 9:14-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Uime sin créd a déaram? An bhfuil éagcóir ag Día? Bíodh a bhfad uáinn sin do rádh.

15. Oír a deir sé ré Máoise, Do dhéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do dhéuna mé truaidhe don té dhá ndéunuidh mé truáídhe.

16. Ar an nadhbharsin ní ón té lér ab áill, nó on té riothas, atá an tógha achd ó Dhía do ní trócaire.

17. Oír a deir an sgrioptúr ré Pharáo, Is chuige so féin do thóig mé súas thú, ar chor go bhfoillseóchuinn mo chúmhachda ionnad, agus go ninneóstáoi mainm ar feadh na talmhan uile.

18. Uime sin do ní sé trócaire ar an té is áill leis, agus cruáidhighe sé an té is áill leis.

19. Achd a déara tú ríom, Maseadh créud fá bhfuil fearg air? Oir cía chuir a naghuidh a thola?

20. Achd ó a dhuine, cía thusa thagrus a naghuidh Dé? A naibeóra an ní do cumadh ris an té do chum é, Créd fá a ndearnuidh tú mé mar so?

21. A né nach bhfuil cúmhachda ag ceard na críadh ar an gcréafóig, ionnas go ndéanadh sé soitheach chum onóra, agus soitheach eile chum neamhonóra déanádhbhar amháin?

22. Achd má dfulaing Día, chum a fheirge féin a thaisbéanadh, agus a chúmhachd do dhéanamh follus, tré iomad foighide le soighthighibh na feirge hórduigheadh chum damanta:

23. Agus do chum bhfoillseóchadh sé saidhbhreas a ghlóire féin do shoithighibh na trócaire, do ullmhuigh sé ó thús chum glóire,

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 9