Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 9:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A deirim a nfirinne a Gcríosd, ní dhéunuim brég, ar mbeith dom chogús ag déunamh fíadhnuise dhamh tres an Spiorad Náomh,

2. Go bhfuil tuirsi mhór óram agus doilgheas a gcómhnuidhe ar mo chroídhe.

3. Oír do ordeóchuinn mé féin do bheith dealuighthe ó Chríosd ar son mo dhearbhraithreach, mo dháoine gáoil do réir na feóla.

4. Noch atá na Nisrahéluibh; ag ar leó athargadh na cloinne, agus an ghlóir, agus an tiomna, agus órdughadh an reachda, agus seirbhís Dé, agus na geallamhnacha;

5. Ag ar díobh na haithre, agus ó a bhfuil Críosd do réir na feóla, atá na Dhía ós cionn na nuile, beannaighe go síorruidhe. Amén.

6. Gidheadh né héidir bríathar Dé a bheith gan éifeachd. Oir ní hé gach éunduine thig ó Israél, atá na Israélach.

7. Agus ní ar son, go bhfuilid síad na síol ag Abraham, atáid síad uile na gcloinn: achd, A Nisaac ainmneochthar dhuit síol.

8. A sé sín ré a rádh, Ní híad clann na féola, clann Dé: achd clann na geallamhna mheastar mar shíol.

9. Oír a sí so bríathar na geallamhna, Tiocfuidh mé fá namsa a rís, agus biáidh mac ag Sára.

10. Agus ní hé amháin; achd Rebecca mar an gcéudna a nuáir do thoircheadh í ó neach áirighe, eadhon Isáac ar nathairhe;

11. Oír suil-rugadh na leinibh, agus suil do rinneadar maith ná olc, ar chor go mbíadh órdughadh Dé do réir na togha seasmhach, ní ó oibreachuibh, achd ón té ghoireas;

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 9