Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 8:6-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Oír is bás gliocas na feóla; achd is beatha agus siothcháin gliocas na Spioruide.

7. Oir is námhadus a naghuidh Dé gliocas na féola: óir ní úmhluigheann sé do dhligheadh Dé, agus fós ní héidir leis.

8. Ar a nadhbharsin an dream atá do réir na féola ní héidir leó toil Dé do dhéunamh.

9. Achd ní bhfuiltísi do réir na féola, achd do réir na Spioruide, má atá Spiorad Dé na comhnuidhe ionnuibh. Achd gidh bé nach a bhfuil Spiorad Chríosd aige, ní lé Críosd an duine sin.

10. Agus má atá Críosd ionnuibh, atá an corp go deimhin marbh do thaóibh an pheacuigh; achd is beatha an Spiorad tré fhiréantachd.

11. Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, an té do dhúisigh Críosd ó mharbhuibh béodhachaigh sé bhar gcuirp shó mharbhthachasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion chomhnuigheas ionnuibh.

12. Uime sin, a bráithreacha, ní don fheóil, atámaóid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola.

13. Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha.

14. Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad.

15. Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 8