Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 8:33-39 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

33. Cía chuirfeas coirthe a naghuidh dháoine toghtha Dé? A sé Día sháoras.

34. Cía dhaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséirighe, noch atá ar deis Dé, agus fós ghuidheas air ar soinne.

35. Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh?

36. (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.)

37. Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn.

38. Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda,

39. Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 8