28. Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
29. Oír an dream do réumhaithin sé, do réumhórduigh sé a mbeith comhchosmhuil díomhaigh a Mhic féin, a chor go mbeith seisean na chédghein éidir mhórán dearbhrathar.
30. Agus an dream do thogh sé roimh láimh, do ghoir sé íad mar an gcédna: agus an dream do ghoir sé, do sháor sé íad mar an gcéudna: agus an dream do sháor sé, tug sé glóir dhóibh mar an gcéudna.
31. Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
32. An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
33. Cía chuirfeas coirthe a naghuidh dháoine toghtha Dé? A sé Día sháoras.
34. Cía dhaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséirighe, noch atá ar deis Dé, agus fós ghuidheas air ar soinne.
35. Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh?
36. (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.)