Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 8:23-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Agus ní hiadsan amháin, achd sinne féin, agá bhfuilid céadthórtha na Spioruide, bímíd ag osnaighe ionnuinn féin, ag feitheamh re athargadh na cloinne, fúasgladh ar gcuirp.

24. Oír as lé dóigh atámaóid sabhalta: achd má chíthear an dóigh ní dóigh í: oír créd fá a mbíadh dóigh ag neach, ris an ní do chí sé?

25. Achd má bhíonn súil aguinn ris an ní nach bhfaicmíd, do nimíd fuireach tre fhoighid.

26. Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse.

27. Achd atá a fhíos ag sgrúdaigheóir na gcroidheadh cred é toil na Spioruide, óir is do réir thola Dé ghuidheas sé ar son na náomh.

28. Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.

29. Oír an dream do réumhaithin sé, do réumhórduigh sé a mbeith comhchosmhuil díomhaigh a Mhic féin, a chor go mbeith seisean na chédghein éidir mhórán dearbhrathar.

30. Agus an dream do thogh sé roimh láimh, do ghoir sé íad mar an gcédna: agus an dream do ghoir sé, do sháor sé íad mar an gcéudna: agus an dream do sháor sé, tug sé glóir dhóibh mar an gcéudna.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 8