15. Oir ní thuigim an ní do ním: óir ní hé an ní is mían ríom, do ním; achd a ní fúathaighim, a sé do ním.
16. Agus má sé a ní nach mían riom do ním, tigim ris an reachd gur maith é.
17. Ar a nadhbharsin ní misi feasda do ní é, achd an peacadh chomhnaigheas ionnum.
18. Oír atá a fhios agam, nach bhfuil maith ar bith na comhnuidhe íonnum, eadhon am fheóil: óir ata an toil a bhfogus damh; achd ní fhaghuim slighe ar bith chum na maitheasa do chríochnughadh.
19. Oír ní dhéanuim an mhaith is mían riom: achd an tolc nach mían riom, a sé do ním.
20. Agus má nímse a ní nach mían riom, ní misi do ní é feasda, achd an peacadh chomhnuigheas ionnum.
21. Ar a nadhbharsin do gheibhim dligheadh, an tan is mían riom maith do dhéanamh, go bhfuil an tolc do lathuir agam.
22. Oír atá fonn agam a reachd Dé do réir an duine táobh asdigh:
23. Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh, ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh noch atá am bhallaibh.
24. Uch mo thrúaighe um dhuine truailleánta! cía sháorfus mé ó chorp an bháis so?
25. Beirim buídheachus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Uime sin do nímse go deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé; achd am fhéoil reachd an pheacaidh.