11. Agus mar an gcéudna is measda dháoibhsi go bhfuilti go deibhin marbh don pheacadh, agus béo do Dhía tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
12. Ar a nadhbharsin na biodh rioghachd ag an bpeacadh ion bhur gcorp sómharbhtha, ionnus go dtiubhradh sibh úmhlachd dó ann ainmhianaibh.
13. Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra don pheacadh: achd tugaidh sibh féin do Dhía, mar dhruing atá béo ó mharbhuibh, agus bhur mbaill na nármuibh firéantachda do Dhía.
14. Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.