Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 5:4-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus:

5. Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.

6. Oír do fhúlaing Críosd bás na am féin ar son na ndaóineadh neamhdhíadha, an tan do bhámar fós anbhann.

7. Oír deimhin is deacair go bhfuileongadh duine bás ar son fhírénuigh: óir dob éidir go lamhthadh duine éigin bás dfulang ar son dhuine mhaith.

8. Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.

9. Ar a nadhbharsin, tar éis ar sáortha a nois lé na fhuilsion, is mó go mór choimhéudfuidhthear sinn thrídsion ó fheirg.

10. Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.

11. Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas.

12. Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile:

13. Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear an peacadh a leith dhuine a nuáir nach mbíonn dligheadh ann.

14. Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 5