Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 5:16-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha.

17. Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd.

18. Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha.

19. Oír mar is tré easúmhlachd éunduine amháin do rinneadh peacuigh do mhórán, is mar sin tré úmhlachd éunduine amháin do dhéantar firéanuigh do mhórán.

20. Achd tháinic an dligheadh, ionnus go méidéochthaói an choir. Achd sa bhall ar mhéuduigh an peacadh is ann rug an grás bárr:

21. Ionnus dó réir mar do thighearnuigh an peacadh chum báis, go dtighearnóchadh grás mar an gcéudna tré fhiréantachd chum na beatha marthanuighe tré Iosa Críosd ar Dtighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 5