Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 5:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:

2. Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.

3. Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid;

4. Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus:

5. Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.

6. Oír do fhúlaing Críosd bás na am féin ar son na ndaóineadh neamhdhíadha, an tan do bhámar fós anbhann.

7. Oír deimhin is deacair go bhfuileongadh duine bás ar son fhírénuigh: óir dob éidir go lamhthadh duine éigin bás dfulang ar son dhuine mhaith.

8. Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.

9. Ar a nadhbharsin, tar éis ar sáortha a nois lé na fhuilsion, is mó go mór choimhéudfuidhthear sinn thrídsion ó fheirg.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 5