15. Do bhrígh go noibrigheann an dligheadh fearg: óir gidh bé áit nach bhfuil dligheadh, ní bhfuil bríseadh dlighe ann sin.
16. Uime sin is ó chreideamh, ata a noidhreachd, ionnus go mbíadh si tré ghrasuibh; chum na geallamhna do bheith diongmhála don tsíol uile; ní hé amháin don chuid atá don dligheadh, achd mar an gcéudna don chuid atá do chreideamh Abraham; atá na athair aguinne uile.
17. (Mar atá sgríobhtha, Do órduigh mé thú ad athair do chineadhachuibh iomdha,) a bhfíadhnuisi Dé, dar chreid sé, noch a bhéodhuigheas na mairbh, agus ghoireas na neithe nach bhfuil amhail as do bheidis ann.
18. Abraham noch do chreid fa dhóthchus a naghuidh dóthchúis, go mbiadh sé na athair iomad cineadhach, do réir mar a dubhradh, Is mar sin bhías do shíolsa.
19. Agus ar mbeith neimhmeirbh dhó a gcreideamh, níor chuir sé íona suim go raibh a chorp féin cheana gan spracadh, ar mbeith dhó a dtimcheall chéd blíadhan, na fós a neimhmbrioghmhuireachd bhronn Shára:
20. Agus níor chuir se cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh; achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía;
21. Agus do bhí a láindeimhin aige, an té thug an gealladh, gur cúmhachdach é ar choimhlíonadh.
22. Ar a nadhbharsin do measadh so dhó mar fhíreantachd.
23. Gidheadh ní ar a shonsan amháin do scríobhadh, gur measadh so dhó;
24. Achd már an gcéudna air ar soinne, dá measfuighear é, ma chreidmíd ann sa té do dhúisigh Iosa ar Dtighearna ó mharbhuibh;
25. Noch do bhásuigheadh air son ar gciontaine, agus do haithbheódhuigheadh chum sinne sháoradh.