Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 4:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin créd a déaram, go fuáir Abraham ar nathair, do réir na feola?

2. Oír más ó oibreacha do sáoradh Abraham, atá adhbhar máoidhfeachuis aige; achd ní a dtáobh De.

3. Oír créd a deir an sgriobtur? Do chreid Abraham do Dhía, agus domeasadh sin dó már fhíréantachd.

4. Achd don té do ní obuir ní do réir ghrás mheasdar túarasdal dó, achd dó réir fhíach.

5. Achd don té nach déineann obair achd chreideas ann sa ti sháorus an duine neamhdhíadha, measdar a chreideamh mar fhíréantachd.

6. Amhail a deir Dáibhí mar an gcéudna, Gur beannuighe an duine dá measánn Día fíréantachd gan oibreacha.

7. Ag rádh is beannuighe an dream agá bhfuil a ndroichghníomhartha ar na maitheamh dhóibh, agus agá bhfuilid a bpeacuigh ar na bhfolach.

8. Is beannuighe an té ag nach ccuírfí an Tighearna peacadh na leith.

9. Ar a nadhbharsin an ann sa timcheallghearradh amháin atá an beannachdadhsa, nó fós ann sa neamhthincheallghearradh? óir a deirmíd gur measadh a chreideamh Dábraham mar fhiréantachd.

10. Maseadh cionnas do measadh dhó é? a né a núair do bhi sé sa timcheallghearradh, nó a núair nach raibh? Ní ann sa timchillghearradh, achd ann sa neamhthimchillghearradh.

11. Agus do ghlac sé comhartha an timchillghearrtha, séula fíréantachda an chreidimh do bhí aige an sa neamhthimcheallghearradh: ionnus go mbeith sé na athair ag gach áon do chreidfeadh san neamhthimchillghearradh; do chum go measfuidhe fíréantachd dhóibhsean mar an gcéudna:

12. Agus na athair an timchillgearrtha ní hé amháin don dreim atá don timchillghearradh, achd mar an gcéudna don dreim leanas lurg chreidimh ar nathar Abraham, noch do bhí aige ann sa neamhthimchillghearradh.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 4