Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 2:18-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus atá fios a thoile agad, agus dearbhuidh tú na neithe as féarr, ar mbéith foghlomtha dhuit ón dligheadh;

19. Agus atáoi dóthchasach go bhfuil tú ad éoluighe ag na dalluibh, ad sholas ag an muinntir atá a ndorchadas,

20. A tfior múinte na ndáoine neamheagnuidhe, ad theagasgóir na leanbabh, ar son go bhfuil foirm a néoluis agus na fírinne agad sa dligheadh.

21. Thusa ar a nadhbharsin mhúineas duine eile, créd nach múineann tú thú féin? Thusa sheanmóireas gan ghoid do dhéunamh, a ndéunann tú féin goid?

22. Thusa a deir gan adhaltrannas do dhéanamh, a ndéanann tú féin adhaltrannas? thusa agá bhfuil gráin ar na hiodhaluibh, an sladann tú a neaglais?

23. Thusa do ní mórdháil as a ndligheadh, an dtabhair tú easonóir do Dhía tré bhriseadh an dlighe?

24. Oír masluighthear ainm Dé thríbhsi eidir na Cineádhachuibh, mar atá sgríobhtha.

25. Oír is tarbhach an timcheallghearradh go deimhin má coimhéudann tu an dligheadh: achd más fear bhrisde an dlighidh thú, atá do thimcheallghearradh gan bheith na thimcheallghearradh.

26. Ar a nadhbharsin má choimhéudann an neamhthimcheallghearradh ordaighe an dlighe, a né nách measfuighthear a neamhthimcheallghearradh do bheith na thimcheallghearradh.

27. Agus a né nach daiméona an neamhthimcheallghearradh átá ó nadúir, má choimhéudann sé an dlígheadh, thusa, atá ad fhior sáruighe an dlighe trés an litir agus trés an dtímcheallghearradh?

28. Oír ní hé an tí atá go follas, is Iúduighe ann; ná fós an dtimcheallghearradh atá go follas sa bhfeóil, is timcheallghearradh:

29. Achd an té atá ós íseal, na Iúduidhe; agus timcheallghearradh an chroídhe, ann sa spioruid, agus ní sa litir; aga bhfuil a mholadh ní ó dhaóinibh, achd ó Dhía.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 2