Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 2:18-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus atá fios a thoile agad, agus dearbhuidh tú na neithe as féarr, ar mbéith foghlomtha dhuit ón dligheadh;

19. Agus atáoi dóthchasach go bhfuil tú ad éoluighe ag na dalluibh, ad sholas ag an muinntir atá a ndorchadas,

20. A tfior múinte na ndáoine neamheagnuidhe, ad theagasgóir na leanbabh, ar son go bhfuil foirm a néoluis agus na fírinne agad sa dligheadh.

21. Thusa ar a nadhbharsin mhúineas duine eile, créd nach múineann tú thú féin? Thusa sheanmóireas gan ghoid do dhéunamh, a ndéunann tú féin goid?

22. Thusa a deir gan adhaltrannas do dhéanamh, a ndéanann tú féin adhaltrannas? thusa agá bhfuil gráin ar na hiodhaluibh, an sladann tú a neaglais?

23. Thusa do ní mórdháil as a ndligheadh, an dtabhair tú easonóir do Dhía tré bhriseadh an dlighe?

24. Oír masluighthear ainm Dé thríbhsi eidir na Cineádhachuibh, mar atá sgríobhtha.

25. Oír is tarbhach an timcheallghearradh go deimhin má coimhéudann tu an dligheadh: achd más fear bhrisde an dlighidh thú, atá do thimcheallghearradh gan bheith na thimcheallghearradh.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 2