10. Achd glóir, agus onóir, agus siothcháin, do gach áon do ní maith, don Iúduighe ar tús, agus don Ghréugach mar an gcéudna:
11. Oír ní bhfuil cion ag Día ar phearsain seach a chéile.
12. Oír an mhéid do pheacuigh gan an dligheadh rachuid a múgha gan an dligheadh: agus an mhéid do pheacuigh sa dligheadh daiméontar íad leis a ndligheadh;
13. (Oír ní híad luchd éisdeachda an dlighidh atá na bhfirénchuibh a bhfiadhnuisi Dé, achd luchd choimhlíonta an dlighigh a síad shairfuidhear.
14. Oir na Cineadhacha ag nach bhfuil an dligheadh, do níd síad ó nádúir na neithe bheanas ris an dligheadh, íad so, ag nach bhfuil an dligheadh aca, atáid síad na ndligheadh dhóibh féin:
15. Noch fhoillsigheas obair an dlighidh sgríobhtha an a gcroidhthibh, ar mbeith dá gcogús ag déunamh fíadhnuise má ráon ríu, agus a smuáintighthe ag éiliughadh a chéile nó fós ag gabháil a leisgiél;)
16. Ann sa lá an a mbéura Día breith ar sheicréidibh na ndáoine tré Iósa Críosd do réir mo shoisgéilsi.
17. Féuch, goirthear Iúduidhe dhíotsa, agus muinighidh tú as a ndligheadh, agus do ní tú mordháil as Día.
18. Agus atá fios a thoile agad, agus dearbhuidh tú na neithe as féarr, ar mbéith foghlomtha dhuit ón dligheadh;
19. Agus atáoi dóthchasach go bhfuil tú ad éoluighe ag na dalluibh, ad sholas ag an muinntir atá a ndorchadas,