Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 2:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ar a nadhbharin ní héidir do leisgél a ghabháil, a dhuine, gidh bé ar bith thú dhamnuigheas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neach eile, dáoradh tú thú féin; óir thusa dháorus duine eile do ní tú na neithe céadna.

2. Achd atá a fhios aguinne go bhfuil breitheamhnas Dé do réir na fírinne a naghuidh na muinntire do ní ionnsamhail na neitheadh sin.

3. Agus an measann tusa so, O a dhuine dhamnuigheas an dream do ní a leitheid súd, agus thú féin dá ndéunamh, go racha tú as ó bhreitheamhnus Dé?

4. Nó an dtarcuisnidheann tú saidhbhreas a mhaitheasa agus a fhoighide agus foide a fhulaing; gan a fhios agad go dtréoruigheann maitheas Dé thú chum aithrighe?

5. Achd do réir do chruáis féin agus do chroídhe neamhaithrigheach taisgidh tú dhuit féin féarg fá chomhair láoi na feirge agus fhoillsighthe cheirtbhreitheamhnuis Dé;

6. Noch a bhéuras dá gach éinneach do réir a ghníomhartha:

7. Eadhon don druing iarrus tré fhoighid na deaghoibre glóir agus onóir agus neamhthruáilleadh, an bheatha mharrthanach:

8. Achd don dreim ata ceannairrceach, agus nach umhluígheann don fhírinne, achd chreideas do néagcóruigh, dó bhéurthar diombugh agus fearg.

9. Trioblóid agus doghruing, air anam gach áonduine do ní olc, an lúdaidhe ar tús, agus an Ghréugaigh mar an gcéudna;

10. Achd glóir, agus onóir, agus siothcháin, do gach áon do ní maith, don Iúduighe ar tús, agus don Ghréugach mar an gcéudna:

11. Oír ní bhfuil cion ag Día ar phearsain seach a chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 2