Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 16:7-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Fáiltighidh do Andronicus agus Iúnia, mo dháoine gáoil, agus mo chumpána príosúin, noch atá oirdheirc eidir na habstalaibh, noch fós do bhí a Gcríosd rómhamsa.

8. Fáiltighidh do Amplias mo dhíoghraiseach sa Dtíghearna.

9. Fáiltighidh do Urbánus, ar bhfear cabhartha a Gcríosd, agus do Stachis mo dhearbhrathair ionmhuin.

10. Fáiltighidh do Apelles noch atá dearbhtha a Ccríosd. Fáiltighaidh do luchd éntighe Aristoboluis.

11. Fáiltighidh do Heródion mo bhrathair. Fáiltighidh do luch éntighe Narcissuis, noch atá sa Dtighearna.

12. Fáiltighidh do Thriphéna agus do Thriphósa, mná sháothruigheas sa Dtighearna. Fáiltighidh do Phersis ionmhuin, noch do rinne móran sáothair sa Dtighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 16