Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 16:21-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Cuiridh Timotéus mo chompánach, agus Lúcius, agus Iáson, agus Sosipater, mo dháoine gáoil, beatha agus sláinte chugaibh.

22. Cuirimsi Tertius, noch do sgríobh an eipistilse, beatha agus sláinte chugaibh sa Dtighearna.

23. Cuiridh Gaius mósdóir féin, agus na heagluisi uile, beatha agus sláinte chugaibh. Cuiridh Erastus procadóir na caithreach beatha agus sláinte chugaibh, agus an dearbhrathair Quartus.

24. Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.

25. Agus a nois don té lér féidir sibh do dhaingniughadh do réir mo shoisgeilsi, agus sheanmóra Iósa Críosd, do réir fhoillsighe na seicréide, noch do congmhadh go folaigheach ó thús an domhain,

26. Achd a nois atá ar na nochdadh, agus ar na fhoillsiughadh do na huile chineadhachaibh, tré sgríoptúraibh na bhfáidheagh, do réir aithne Dé bhiothbhúain, chum úmhlachda an chreideimh:

27. Don náoin Día éagnaidhe amháin, glóir go síorruidhe tré Iósa Críosd. Amén.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 16