Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 16:11-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Fáiltighidh do Heródion mo bhrathair. Fáiltighidh do luch éntighe Narcissuis, noch atá sa Dtighearna.

12. Fáiltighidh do Thriphéna agus do Thriphósa, mná sháothruigheas sa Dtighearna. Fáiltighidh do Phersis ionmhuin, noch do rinne móran sáothair sa Dtighearna.

13. Fáiltighidh do Ruphus duine toghtha sa Dtighearna, agus da mhathair agus do mháthairse.

14. Fáiltighidh do Asincritus, Phlegon, Hermas, Phatrobas, Hermes, agus do na dearbhraithribh atá na bhfarradh.

15. Fáiltighidh do Philológus, agus do Iulias, do Nereas, agus dá dheirbhshiáir, agus do Olimpas, agus do na náomhuibh uile na bhfarradh.

16. Beannaighe féin dá chéile maille ré póig náomhtha. Cuirid eagluiseacha Chríosd beatha agus sláinte chugaibh.

17. Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad.

18. Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré cluain croidhthe na ndáoine neamhurchóideach.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 16