Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 16:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Achd táobham ribh Phébe ar ndeirbhshíur, noch as searbhfhoghantuidhe don neagluis atá a Gcenchreá:

2. Do chum go ngabha sibh ría sa Dtighearna, mar as cubhaidh do náomhaibh, agus cúngnamh ría an gach adhbhar iona mbía bhur riachdanus uirthe: oír tug sí áoidheachd do mhorán, agus dámhsa féin mar an gcéudna.

3. Fáiltighidh do Phriscilla agus do Acuila mo luchd cúnganta a Níosa Críosd:

4. (Noch do chuir a muinéul féin sios ar son manmasa: dá nach misi amháin do bheir buidheachus, achd fós eagluiseacha na Gineadhach go hiomlán.

5. Agus do neagluis atá iona dtigh. Fáiltighidh do Epénetus as ionmhuin liomsa, agar ab é céudthoradh na Hachaíá a Gcríosd.

6. Fáiltighidh do Mhuire, noch do rinne sáothar mhór ar dtimcheillne.

7. Fáiltighidh do Andronicus agus Iúnia, mo dháoine gáoil, agus mo chumpána príosúin, noch atá oirdheirc eidir na habstalaibh, noch fós do bhí a Gcríosd rómhamsa.

8. Fáiltighidh do Amplias mo dhíoghraiseach sa Dtíghearna.

9. Fáiltighidh do Urbánus, ar bhfear cabhartha a Gcríosd, agus do Stachis mo dhearbhrathair ionmhuin.

10. Fáiltighidh do Apelles noch atá dearbhtha a Ccríosd. Fáiltighaidh do luchd éntighe Aristoboluis.

11. Fáiltighidh do Heródion mo bhrathair. Fáiltighidh do luch éntighe Narcissuis, noch atá sa Dtighearna.

12. Fáiltighidh do Thriphéna agus do Thriphósa, mná sháothruigheas sa Dtighearna. Fáiltighidh do Phersis ionmhuin, noch do rinne móran sáothair sa Dtighearna.

13. Fáiltighidh do Ruphus duine toghtha sa Dtighearna, agus da mhathair agus do mháthairse.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 16