Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 15:21-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Achd do réir mar atá sgriobhtha, Do chifid, an dream nach bhfuáir a thuarasgbháil é: agus an drong nach ccúalaídh tuigfid síad.

22. Ar a nadhbharsin fós do cuireadh toirmeasg oram go minic fá theachd chugaibhse.

23. Achd a nois ó nach bhfuil ionad ní sá mhó agam sna críochuibhse, agus ro fhonn oram ré mórán bliadhann teachd chugaibhse.

24. An ran thríallfus mé don Sbáinn, tiocfadh mé chugaibh: óir atá súil agum ré sibhse dfaicsin ag gabhail seacha dhíbh, agus sibhse do theachd riom dom sheóladh don nionad sin, achd go raibh mé saitheach a gcáíl da bhur gcuideachdasa.

25. Achd a noise atáim ag dul go Híarusalém do dhéanamh miniosdrálachda do na náomhaibh.

26. Oir do bhádar luchd Mhacedónia agus Achaia fonnmhar ar chómhruinn do dhéanamh ris na náomhaibh bochd atá a Niarusalém.

27. Oir bá rothoil ríu é; agus atáid siádsan na bhféitheamhnuibh aca. Oír má roinneadh ris na Cineadhachaibh a neithe sbioradáltasan, atá dfiachaibh orrthasan mar an gcéudna miniosdrálachd do dhéanamh dhóibhsion sna neithibh bheanus ris an gcolainn.

28. Uime sin ar na chríochnughadh so dhamh, agus ar gcur shéila dhamh ar an toradhsa dhóibh, géubhaidh mé ré bhur dtáobhsa don Sbainn.

29. Agus as deimhin leam, ar dteachd dhamh chugaibhse, go dtiocfaidh mé maille ré beannachdadh líonmharshoisgéil Chriosd.

30. Agus íarruim dathchuinghe oraibh, a dhearbhraithreacha, tré ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar son ghrádha na Spioraide, bhur ndithcheall do dhéunamh, ma ráon riom a nurnaighibh chum Dé ar mo shon;

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 15