Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 14:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Ná tugadh an té itheas tárcuisne ar an tí nach itheann; agus ná beireadh an tí nach itheann breath ar an tí itheas: oír do ghabh Día leis.

4. Cía thusa bheireas breith ar shearbhfhoghtuidhe dhuine eile? As dá Tighearna féin sheasus nó thuiteas sé. Agus coingéubhthar súas é: oír is éidir lé Día a chongmháil na sheasamh.

5. Bí cion ag neach ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neach eile ar gach lá mar a chéile. Bíodh gach éunduine laindearbhtha ann a inntinn féin.

6. An tí chongmhas an lá, as don Tighearna chongmhas sé é; agus an tí nach ccongmhann an lá, as don Tighearna nach ccongmhann sé é. An té itheas, as don Tighearna itheas sé óir beiridh sé buidheachus ré Día; agus an té nách itheann, as don Tighearna nach ithean sé, agus beiridh a bhuidhe ré Día.

7. Oír ní dhó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do gheibh éunduine aguinn bás.

8. Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.

9. Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.

10. Ach créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhratháir? Óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithreach bhreitheamhnuis Chríosd.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 14