Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 14:17-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.

18. Oír gidh bé ar bith do ní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhsi atá gean ag Día air, agus is dearbhtha re dáoinibh é.

19. Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

20. Ná cuir amúgha obair Dé ar son bidh. Go deimhin atá a nuile bhiadh glan; achd teid a ndochar don tí itheas maille ré hoilbhéim.

21. As indéunta gan feóil dithe, ná fíon dibhe, na éainni tré bhfuighe do dhearbhráthair tuisleadh, nó oilbhéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáidh é.

22. Ata creideamh agadsa, bíodh sé agad leachd féin a bhfíadhnuise Dé. As beannaighe an ti nach damnuigheann é féin fá an ní ré dtig sé.

23. Achd an tí ar a mbí amhrus dá nithidh sé atá se damanta, do bhrígh nach ó chreideamh itheas se: óir gach ní nach bhfuil ó chreideamh is peacadh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 14