Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 14:14-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Atá a fhios agum, agus is dearbh leam tré san Dtighearna Iósa, nach bhfuil éainni neamhghlan úadha féin: achd on tí mheasas éinni do bheith neamhghlan, atá sé dhó sin neamhghlan.

15. Gidheadh dá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní shiubhlann tú a nois do réir ghrádha. Ná cuir ammúgha réd bhiádh, an té agá bhfuáir Chríosd bás ar a shon.

16. Ar a nadhbharsin na tugaidh fá deara bhur maith do mhaslughadh:

17. Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.

18. Oír gidh bé ar bith do ní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhsi atá gean ag Día air, agus is dearbhtha re dáoinibh é.

19. Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 14