Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 14:13-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair.

14. Atá a fhios agum, agus is dearbh leam tré san Dtighearna Iósa, nach bhfuil éainni neamhghlan úadha féin: achd on tí mheasas éinni do bheith neamhghlan, atá sé dhó sin neamhghlan.

15. Gidheadh dá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní shiubhlann tú a nois do réir ghrádha. Ná cuir ammúgha réd bhiádh, an té agá bhfuáir Chríosd bás ar a shon.

16. Ar a nadhbharsin na tugaidh fá deara bhur maith do mhaslughadh:

17. Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.

18. Oír gidh bé ar bith do ní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhsi atá gean ag Día air, agus is dearbhtha re dáoinibh é.

19. Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

20. Ná cuir amúgha obair Dé ar son bidh. Go deimhin atá a nuile bhiadh glan; achd teid a ndochar don tí itheas maille ré hoilbhéim.

21. As indéunta gan feóil dithe, ná fíon dibhe, na éainni tré bhfuighe do dhearbhráthair tuisleadh, nó oilbhéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáidh é.

22. Ata creideamh agadsa, bíodh sé agad leachd féin a bhfíadhnuise Dé. As beannaighe an ti nach damnuigheann é féin fá an ní ré dtig sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 14