1. Gabhaidh chugaibh an tí atá éagcruáidh sa gcreideamh, achd ní chum ímreasan diosbóireachda.
2. Creididh neach gur féidir gach uile bhíadh díthe: agus ithidh neach eile, bhíos éugcruáidh, luibheanna.
3. Ná tugadh an té itheas tárcuisne ar an tí nach itheann; agus ná beireadh an tí nach itheann breath ar an tí itheas: oír do ghabh Día leis.
4. Cía thusa bheireas breith ar shearbhfhoghtuidhe dhuine eile? As dá Tighearna féin sheasus nó thuiteas sé. Agus coingéubhthar súas é: oír is éidir lé Día a chongmháil na sheasamh.
5. Bí cion ag neach ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neach eile ar gach lá mar a chéile. Bíodh gach éunduine laindearbhtha ann a inntinn féin.
6. An tí chongmhas an lá, as don Tighearna chongmhas sé é; agus an tí nach ccongmhann an lá, as don Tighearna nach ccongmhann sé é. An té itheas, as don Tighearna itheas sé óir beiridh sé buidheachus ré Día; agus an té nách itheann, as don Tighearna nach ithean sé, agus beiridh a bhuidhe ré Día.
7. Oír ní dhó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do gheibh éunduine aguinn bás.
8. Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.