Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 13:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad.

2. Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chúmhachda, cuiridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh gabhaid damnughadh chuca féin.

3. Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroich ghniomharthadh. Uime sin an mían riot bheith gan eagla an chúmhachda ort; déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh:

4. Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.

5. Uime sin as éigean bheith úmhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar son coinnsiáis.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 13