Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 11:9-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus a deir Dáibhi, Bíodh a mbórd mar dhúl, agus mar ghléus gabhála, agus mar adhbhair oilbhéime, agus mar mhalairt dóibh:

10. Bíodh a súile dall, chum nach bhfaicfidh síad, agus cromsa a ndromanna a gcomhnuidhe.

11. Uime sin fíafraighim, An bhfúaradar tuisleagh chum go dtuitfedís? nar léigidh Día sin: achd sé a dtuitimsion slánughadh na Ccineadhach, chum tnútha do chur orrthasan.

12. Agus más é a dtuitimsion saidhbhreas an domhain, agus a laghdughadh saidhbhreas na Gcineadhach; a né nach mó ná sin a líonmhuireachd?

13. Oír is ribhsina Cineadhuibh labhruim, do bhrígh gur me easbal na Gcineadhach, onóruighim moifig féin:

14. Dá fhéuchuin an bhféudfuinn ar chor ar bith tnúth do chur ar mo chomhgháol féin, agus cuid éigin díobh do shlanughadh.

15. Oír más é ndíultadhsan is réiteach don domhan, créd é a nathghabháil, achd beatha ó mharbhuibh?

16. Oír má atáid na céadthórrtha náomtha, atá an chuid eile náomhtha mar an gcéudna: agus má atá an fhréamh náomhtha, atáid na géuga leis.

17. Achd má atá cuid éigin do na géuguibh ar na ngearradh dhe, agus gur cuireadh thusa na nionad, agus gur roinneadh fréamh agus súgh chroinn na hola fíre riot, ar mbeith dhuit, ad chrann ola fhíadháin;

18. Ná bíodh uáill ort a naghuidh na ngég. Achd ma bhíonn uáill ort, ní tusa iomchras an fhréamh, achd an fhréamh thusa.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 11