29. Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithreachus.
30. Oír do réir mar nach ttugabhairse a nallód úmhlachd do Dhía, agus fúarabhair trócaire a noís tré na neasúmhlachdsan:
31. As mar an gcéudna a nois níor chreideadarsan, da bhur dtrócairesi ionnus go bhfuighedís féin trócaire mar an gcéudna.
32. Oír do dhúin Día íad uile a neamhchreideamh, do chum trócaire do dhéunamh orrtha uile.
33. O créd e doímhne shaidhbhris éagna agus éolais Dé! Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, agus lorg a shligheadh do leanmhuin!
34. Oír cía agá raibh fios inntinne an Tighearna? nó cía ba comhairleach dhó?
35. Nó cía thug dhó ní ar tús, agus do ghéubhaidh sé a chúitiughadh leis?