Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 11:25-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Oír ní háill leam, a bhráithreacha, ainbhfios na seicréidesi do bheith oruibh, do chum nach bíadh sibh glic ann bhur mbaramhluibh féin;) go dtárrla daille air chuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineadhach a steach.

26. Agus mar sin sláineochthar Isráel uile: mar atá sgriobhtha, Tiocfa an Fear sáortha as Síon, agus fillfidh sé neamhdhíadhachd ó Iácob:

27. Agus a sé so mo chunnradh ríu, an tan thoigéubhas mé a bpeacuigh úatha.

28. Uime sin do tháobh an tsoisgéil, atáid síad na náimhdibh ar bhur sonsa: achd do tháobh na toghtha, atáid síad grádhaighe ar son na naithreach.

29. Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithreachus.

30. Oír do réir mar nach ttugabhairse a nallód úmhlachd do Dhía, agus fúarabhair trócaire a noís tré na neasúmhlachdsan:

31. As mar an gcéudna a nois níor chreideadarsan, da bhur dtrócairesi ionnus go bhfuighedís féin trócaire mar an gcéudna.

32. Oír do dhúin Día íad uile a neamhchreideamh, do chum trócaire do dhéunamh orrtha uile.

33. O créd e doímhne shaidhbhris éagna agus éolais Dé! Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, agus lorg a shligheadh do leanmhuin!

34. Oír cía agá raibh fios inntinne an Tighearna? nó cía ba comhairleach dhó?

35. Nó cía thug dhó ní ar tús, agus do ghéubhaidh sé a chúitiughadh leis?

36. Oír is úadhasan, agus thrídsion, agus ar a shonsan atáid na huile neithe: glóir dhó féin go síorruidhe. Amén.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 11