Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 11:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin fíafruighim, Nar theilg Día a phobal féin úadha? Nár léige Día sin. Oír is Israélach misi féin, do shliochd Abraham, do threibh Bhenjamin.

2. Níor theilg Día uáidh a phobál fein do aithin sé ó thús. A né nách bhfuil a fhios aguibh créd a deir an scrioptúr a dtimcheall Elías? Cionnas do ní sé casáoid ré Día a naghaidh Israél, ag rádh,

3. A Tighearna, do mharbhadar thfaidhe, agus do leagadar síos haltóracha; agus do fáfbhadh misi am áonar, agus atáid síad ag íarruidh manma.

4. Achd créd é an fhreagra do bheir Día air? Do choimhéd mé dhamh féin seachd mile fear, nár fhill a nglúine do Bhaal.

5. Ar a nadhbharsin ís mar sin do fágbhadh fáoilleach ann sa naimsirsi do réir thoghtha na ngrás.

6. Agus más tré ghrás, ní ó oibrighthibh atá sé feasda: nó ní grás an grás uáidh sin amach. Achd más ó oibrighthibh, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda.

7. Créd eile máseadh? an ní íarrus Israél ní fhuáir sé é; achd fúaradar na dáoine toghtha é, agus do dalladh an chuid eile.

8. Mar atá sgríobhtha, Tug Día spiorad chollatach dhóibh, súile chum nach bhfaicfedis, agus clúasa chum nach ccluinfedís; gus a niugh.

9. Agus a deir Dáibhi, Bíodh a mbórd mar dhúl, agus mar ghléus gabhála, agus mar adhbhair oilbhéime, agus mar mhalairt dóibh:

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 11