Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 10:3-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Oir ar mbeith ainbhfeasach dhóibh a bhfiréantachd Dé, agus ag íarruidh a bhfireantachd féin do sheasadh, níor ísligheadar íad féin dfiréantachd Dé.

4. Oír a sé Críosd foircheann an reachda chum fíreantachda dá gach áon a chreideas.

5. Oír sgríobhuidh Máoise ar an bhfíreantachd thig ón reachd, Gidh bé duine dhéanus íad mairfidh sé tríotha.

6. Achd an fhíréantachd thig ó chreideamh is mar so a deir sí, Na habhair ann do chróidhe féin, Cía rachas súas ar neamh? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a núas:

7. Nó, Cía rachas síos don dubhaigén? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a rís ó mharbhuibh.

8. Achd créd a deir sí? Atá an bhríathar a ngar dhuit, ann do bhéul, agus an do chroidhe: a sí so, bríathar an chreidimh, do nimíd do sheanmóir;

9. Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.

10. Oír is ris an gcróidhe chreidthear chum fíréantachda; agus leis an mbéul do níthear admháil chum slánaighe.

11. Oír a deir an sgríoptúr, Gidh bé chreideas annsan ní bhfuighe sé náire.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 10