Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 10:18-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Achd a deirimse, A né nach ccúaladar? Do chuáidh a bhfuáim go deimhin fá gach uile thalamh, agus a mbríathra go leithimeal an domhain.

19. Achd a deirim, A né nách raibh a fhios ag Israél? A deir Máoisi ar tús, Cuirfidh mé tnúth oruibh lé cineadh nach bhfuil na chineadh, le cineadh míothuigseach cuirfidh mé fearg oruibh.

20. Agus atá Esaías dána, agus a deir sé Fríth mé leis a ndréim nach ar íarr mé; Do rinneadh follus mé don dreim nár íarr mo thúarasgbháil.

21. Achd a deir sé a naghuidh Israél, Do shín mé amach mo lámha feadh an láoi chum pobuil easúmhuil labhrus am aghaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 10