Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 10:11-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Oír a deir an sgríoptúr, Gidh bé chreideas annsan ní bhfuighe sé náire.

12. Oír ní bhfuil dithfir ar bith eidir an Iúduidhe agus an Gréugach ann: óir is éin Tighearna dhóibh uile atá saidhbhir dá gach uile dhuine ghuidheas é.

13. Oír gidh bé duine ghuidhfeas ainm an Tighearna, sláinéochthar é.

14. Achd cionnas ghuidhfid síad an té ann nar chreideadar? agus cionnas chreidfid síad ann sa té nach ccúaladar teachd thairis? Agus cionnas chluinfid síad gan seanmóntuigh?

15. Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!

16. Achd níor úmhluigheadar uile don tsoisgéul. Oir a deir Esaías, A Thighearna, cía chreid dar seanmóirne?

17. Uime sin is tré éisdeachd thig an creideamh, agus an téisdeachd tré bhréithir Dé.

18. Achd a deirimse, A né nach ccúaladar? Do chuáidh a bhfuáim go deimhin fá gach uile thalamh, agus a mbríathra go leithimeal an domhain.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 10