Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 10:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A Bhraithre, go deimhin atá deaghthoil mo chroidhe agus murnuighe chum Dé ar son Isráel, chum a slánnighthe.

2. Oír do ním dfiadhnuisi dhóibh go bhfuil teas ghrádha Dé aca, achd ní do réir éoluis.

3. Oir ar mbeith ainbhfeasach dhóibh a bhfiréantachd Dé, agus ag íarruidh a bhfireantachd féin do sheasadh, níor ísligheadar íad féin dfiréantachd Dé.

4. Oír a sé Críosd foircheann an reachda chum fíreantachda dá gach áon a chreideas.

5. Oír sgríobhuidh Máoise ar an bhfíreantachd thig ón reachd, Gidh bé duine dhéanus íad mairfidh sé tríotha.

6. Achd an fhíréantachd thig ó chreideamh is mar so a deir sí, Na habhair ann do chróidhe féin, Cía rachas súas ar neamh? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a núas:

7. Nó, Cía rachas síos don dubhaigén? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a rís ó mharbhuibh.

8. Achd créd a deir sí? Atá an bhríathar a ngar dhuit, ann do bhéul, agus an do chroidhe: a sí so, bríathar an chreidimh, do nimíd do sheanmóir;

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 10