Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Romhánach 1:5-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Tré a bhfúaramairne grása agus absdaltachd, chum úmhlachda an chreidimh; a measg na nuile chineadhach, ar son anmasan:

6. (Eidir a bhfuil sibhsi leis ar bhur ngairm ré Híosa Críosd:)

7. Chugaibhsi uile an mhéid atá sa Róimh, ar bhur ngrádhughadh ó Dhía, agus bhur náomhaibh do réir gharma: Grása agus siothcháin maille ribh ó Dhía ar Nathair, agus an Dtighearna Iósa Críosd.

8. Ar tús, beirim buidheachus ré mo Dhía féin tré Iósa Críosd ar bhur sonsa uile, do bhrígh go bhfuil túarasgbháil bhúr gcreidmhe ar feadh an domhain uile.

9. Oír atá Día dfíadhnuise agum, dhá ndéanaim seirbhís am spioraid a soisgéul a Mhic, go mbím gan sgur ag teachd thoraibh;

10. Ag íarraidh do shíor am urrnaighe, a fhagháil do thoil Dé, asdar séunmhar ar chor éigin do dhéunamh dhamh fa dheóigh ré theachd chugaibhse.

11. Oír atá ro fhonn oram sibhse dfaicsin, ar ghléus go roinnfinn ribh tiodhlacadh éigin spioradalta, chum bhur neartuighe;

12. Eadhon ionnus go bhfuighinn comhfhurtachd bhur bhfochairse tré chreideamh a cheile eadhon bhur gcreideamhsa agus mo chreideamhsa.

13. Agus, a dhearbhraithreacha, ní hail leam gan a fhios do bheith agaibh, gur chuir me romham go minic teachd chugaibh, (gidheadh do cuireadh toirmeasg oram gus a nois,) ionnus go bhfuighinn toradh éigin bhur measgsa, comhmaith ris na Cineadhachaibh eile.

14. Atáim am fhéitheamhnach do na Gréugachaibh, agus do na dáoinibh Barbártha; do dháoinibh glioca, agus neamhghlioca.

15. Ar a nadhbharsin, an mhéid is éidir leam, atáim ullamh chum an tsoisgéil do sheanmóir dháoibhse mar an gcéudna a bhfuiltí sa Róimh.

Léigh chaibidil críochnaithe Romhánach 1