17. Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.
18. Oír fhoillsighthear fearg Dé ó neamh anaghaidh gach úile neamhdhíadhachd agus eagcóir na ndaóineadh, chongmhas a nfirinne a neamhfhireantachd;
19. Oír an mhéid déolus is éidir dfaghail ar Dhía atá sé go follus ionntasan; óir do rinne Día follus dhóibh é.
20. Oir a neithesion nach éidir dfaicsin, mar atá a chúmhachd síorraidhe agus a dhiadhachd, atáid síad soilléir sóthuigsigthe ó chrúthughadh an domhain treas na neithe do rinneadh; ionnus nach beith leithsgéul aca:
21. Do bhrígh, ar naithniughadh Dé dhoibh, nach rugadar buidheachus ris; achd gur líonadar do dhiomháoineas ann a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuigsionach.
22. Ag rádh gur dhaóine éagnuidhe íad fein, do rinneadh amadáin dhióbh,
23. Oir do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh a gcosamhlachd iomháighe dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh.
24. Ar a nadhbharsin tug Día iadsan mar an gcéudna chum neamhghlaine tre aínmhíanaibh a gcríodheadh féin, chum a gcorp do shalchadh eatorra féin: