13. Agus, a dhearbhraithreacha, ní hail leam gan a fhios do bheith agaibh, gur chuir me romham go minic teachd chugaibh, (gidheadh do cuireadh toirmeasg oram gus a nois,) ionnus go bhfuighinn toradh éigin bhur measgsa, comhmaith ris na Cineadhachaibh eile.
14. Atáim am fhéitheamhnach do na Gréugachaibh, agus do na dáoinibh Barbártha; do dháoinibh glioca, agus neamhghlioca.
15. Ar a nadhbharsin, an mhéid is éidir leam, atáim ullamh chum an tsoisgéil do sheanmóir dháoibhse mar an gcéudna a bhfuiltí sa Róimh.
16. Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.