Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 9:29-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. Ann sin do bhean sé ré na súilibh, ag rádh, Teagmhadh dháoibh do réir bhur gcreidimh.

30. Agus do hosgladh a súile; agus do bhagair Iósa go géur orrtha, ag rádh, Tabhraidh dha bhur naire nach bhfuighe duine ar bith a fhios so.

31. Achd ar ndul a mach dhóibhsean, so leathnuigheadar a chlúsan fan ttalamhsin uile.

32. Agus an tan do chúadarsan a mach, féuch, tugadar duine balbh chuige ann a raibh deamhan.

33. Agus tar éis an deamhan do theilgean a mach, do labhair an balbhán: agus do ghabh iongantas an pubal, ag rádh, Ní bhfacas a leithéide so a Níosrael ríamh.

34. Achd a dubhradar na Phairisinigh, Tre phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé an mach na deamhain.

35. Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus baile, ag teagasg ann a sionagógaibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánughadh gach uile easláinte éagcruáis a measg an phubáil.

36. Agus an tan do chunairc sé an slúagh, do ghabh truáighe ghéar dhóibh é, ar son go rabhadar curtha, ar na leathnughadh agus ar na sgaradh, mar cháorcha ag nach bhfuil tréadaighe.

37. A deir sé an tansin re na dheisgioblaibh, Go deimhin is mór an fóghmhair, agus is beag an luchd oibre;

38. Uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair, luchd oibre do chur a mach ehum a fhóghmhair féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 9