Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 9:19-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus ar neírghe Diósa, do lean sé féin, agus a dheisgiobail é.

20. (Agus, féuch, tháinic bean, ar a raibh dórtadh fola le dhá bhliádhain déag, táobh shiar dhe, agus do chumail sí lé imeal a éudaigh:

21. Oír a dubhairt sí innte féin, Ma bheanaim lé na eúdach a mhaín, biaídh mé slán.

22. Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.)

23. Agus an tan tháinic Iósa go tigh a núachdaráin, agus do chunnairc se an luchd céoil agus an chuideachda ag déunamh míoshúaimhnis,

24. A deir sé ríu, Imthighidh romhaibh: óir ní bhfuil an cailin marbh, achd na codladh. Agus do rinneadarsan fonómhad faoi.

25. Agus an tan do cuireadh an chuideachda a mach, do chúaidh sé a sdeach, agus rug sé air láimh uirrthe, agus do éirigh an cailín.

26. Agus do chuáigh an tásgsa a mach ar feadh na talmhansin uile.

27. Agus an tan do imthigh Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éimhghe, agus ag rádh, Déuna trócaire oruinn, a mhic Dháibhi.

28. Agus an tráth tháinic sé a sdeach do tigh, tangadar na doill chuighe: agus a deir Iósa ríu, An gcreidthí gur ab eídir leamsa so do dhéanamh? A deirid siádsan ris, Creidmíd, a Thighearna.

29. Ann sin do bhean sé ré na súilibh, ag rádh, Teagmhadh dháoibh do réir bhur gcreidimh.

30. Agus do hosgladh a súile; agus do bhagair Iósa go géur orrtha, ag rádh, Tabhraidh dha bhur naire nach bhfuighe duine ar bith a fhios so.

31. Achd ar ndul a mach dhóibhsean, so leathnuigheadar a chlúsan fan ttalamhsin uile.

32. Agus an tan do chúadarsan a mach, féuch, tugadar duine balbh chuige ann a raibh deamhan.

33. Agus tar éis an deamhan do theilgean a mach, do labhair an balbhán: agus do ghabh iongantas an pubal, ag rádh, Ní bhfacas a leithéide so a Níosrael ríamh.

34. Achd a dubhradar na Phairisinigh, Tre phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé an mach na deamhain.

35. Agus do ghabh Iósa timcheall gach uile chathrach agus baile, ag teagasg ann a sionagógaibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánughadh gach uile easláinte éagcruáis a measg an phubáil.

36. Agus an tan do chunairc sé an slúagh, do ghabh truáighe ghéar dhóibh é, ar son go rabhadar curtha, ar na leathnughadh agus ar na sgaradh, mar cháorcha ag nach bhfuil tréadaighe.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 9