Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 9:15-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus a dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an fhir núaphosda bheith dóbronach, an feadh bhios an té do pósadh na bhfochair? achd tiocfuidh lá ann, a dtóigéabhthar an fear núaphósda uátha, agus ann sin do dhéunaid said trosgadh.

16. Agus ní chuireann duine ar bith preaban déudach gan chórughadh air sheinéadach, óir beanuidh sé a lán féin as a néadach, agus do neíthear an briseadh ní is measa.

17. Agus ní chuirid daóine fíon núa a seanbhuidéulaibh: nó brisdear na buidéil, agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil a múgha: achd cuirid síad fíon núa a mbuidéulaibh núadha, agus bíd said aráon slán.

18. Agus a labhairt na neitheannso dhó ríu, féuch, ar tteachd dúachdarán aírighthe chuige, do onóruigh sé é, ag radh, Fúair minghean bás ar an mball: ach tarrsa agus cuir do lámh uirrthe, agus biáidh sí béo.

19. Agus ar neírghe Diósa, do lean sé féin, agus a dheisgiobail é.

20. (Agus, féuch, tháinic bean, ar a raibh dórtadh fola le dhá bhliádhain déag, táobh shiar dhe, agus do chumail sí lé imeal a éudaigh:

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 9