Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 8:5-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus ar ndul Díosa a sdeach go Capernáum, tháinic sentúrion chuige, dá ghuidhe,

6. Agus a rádh, A Thighearna, atá móglach na luighe a sdigh a bpairilis, agus ar na phiánadh go ró íomarcach.

7. Agus a deir Iósa ris, Ag teachd dhamhsa slainéochaigh mé é.

8. Agus ar bhfreagra do chaiptin a dubhairt sé, a Thighearna, ní fíu misi thusa do theachd a sdeach fam chleith: achd a mháin abair an focal, agus sláinéochthar mhóglách.

9. Oír is duine misi féin atá fá chumhachdaibh, ága bhfuilid saighdíuirigh fúm: agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighidh sé; agus ris an bhfear oilesi, Tarr, agus thig sé; agus rém shearbhfhoghantaigh, Déuna so, agus do ní se é.

10. Achd ar na cluinsin só Díosa, do ghabh iongantas é, agus a dubhairt sé ris an mhuinntir do bhí na dhiáigh, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfúair mé a noireadsa do chreideamh, eadhon, a Níosráel.

11. Agus deirim ribh, Go ttiocfuidh morán ó náird shoir agus ó náird shíar, agus suighfid a bhfochair Abhraham, agus Isaac, agus Iácob, sa rioghachd neamhdha.

12. Agus teilfidhthear clan na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáidh ann sin gul agus gearradh fíacal.

13. Agus a dubhairt Iósa ris an gcaiptín, Imthigh romhad; agus biodh dhuit, do réir mar do chreid tú. Agus do slánuigheadh a shearbhfhoghantaidhe ar a núair sín.

14. Agus tan tháinic Iósa go tígh Pheadair, do chunnairc sé mathair a mhná ná luighe, agus í a bhfíabhrus.

15. Agus do bhean sé ré na láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus i: agus do éirigh sí, agus do rinne sí friothólamh dhóibh

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 8