Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 8:21-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus a dubhairt fear eile dá dheisgiobluibh ris, A Thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús agus máthair daghlacadh.

22. Achd a dubhairt Iósa ris, Lean misi; agus léig dona márbhuibh a mairbh féin daghlacadh.

23. Agus an tan do chúaigh sé a luin, do leanadar a dheisgiobuil é.

24. Agus, féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gus fholaigheadar na tonna an loug: achd do bhí seisean na chodladh.

25. Agus ar ndul chuige dá dheisciobluibh, do dúisgeadar é, ag radh, A Thighearna, sabháil inn: a támáoid air fagbháil.

26. Agus a deir seisean ríu, Créud fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dhósan an tansin, do bhagair sé air an ngáoith agus air an bhfairge; agus thainic ciúnas mór ann.

27. Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádh, Créud é an fearso, agá bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó!

28. Agus an tan thainic sé don táoibh eile go tír na Ngeirgésineach, tárrladar do dháoínibh air ann a rabhadar deamhain, ag teachd as na tuámaighibh, agus do bhí rofhiochmhar, ionnas nar bhéidir do dhuine ar bhith an tslighesin do ghabhail.

29. Agus, féuchm do éimhgheadar, ag rádh, Créud é ar gcuídne dhiót, a Iósa, Mhic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusadhne roimhe a naimsir?

30. Agus do bhí sealbh mhór mac a bhfad úatha ag inghilt.

31. Agus do íarradar na deamhain athchuingídh airsean, ag rádh, Ma theilgeann tú a mach sinn, léig dhúinn dul sa trend muc úd.

32. Agus a dubhairt seisean ríu, Imthighe. Agus ar nimtheachd dóibh, do chúadar ann so tréud uile do nail a ndiáigh a gcinn sa bhfairge, agus fuáradar bás ann sna huisgidhibh.

33. Agus do theitheadar na búachuillighe, agus do chúadar don chathraigh, agus do inniseadar na neithesi úile, agus fós na neithe do éirigh don luchd ann a rabhadar na deamhain.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 8